Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha um Íocaíocht

Tá an córas íocaíochta seo curtha ar fáil ag d’Údarás Áitiúil agus a sholáthraithe tríú páirtí. D’fhéadfadh d’Údarás Áitiúil na téarmaí sin a thabhairt chun dáta ó am go ham agus cuirfear athruithe ar bith i bhfeidhm láithreach nuair a leagfar amach anseo iad. Cinntigh, le do thoil, go bhfuil tú ar an eolas faoi na téarmaí reatha.

Téarmaí agus Coinníollacha

Léigh na téarmaí seo go cúramach, le do thoil, sula n-úsáideann tú an áis íocaíochta ar líne. Má úsáideann tú an áis íocaíochta ar líne ar an láithreán gréasáin seo tugtar le fios go bhfuil na téarmaí seo á nglacadh agat. Mura nglacann tú na téarmaí sin ná húsáid an áis seo. Féach Beartas Príobháideachta chomh maith.

Tá gach íocaíocht faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:-

Gheofar d’íocaíocht i do chuntas Údaráis Áitiúil lena bhfuil íocaíocht á déanamh agat ar an gcéad lá eile oibre, de ghnáth. Ní féidir linn dliteanas a ghlacadh d’íocaíocht nár íocadh sa chuntas ceart toisc gur thug tú uimhir chárta mhícheart nó sonraí pearsanta mícheart dúinn. Ná ní féidir linn dliteanas a ghlacadh má dhiúltaíonn nó mura nglacann soláthraí an chárta creidmheasa/dochair an íocaíocht ar chúis éigin. Ní mór uimhir thagartha do chuntais a iontráil mar is ceart sa réimse atá curtha ar fáil lena chinntiú go leithdháilfear an íocaíocht ar do chuntas.

Slándáil

Déantar na sonraí íocaíochta ar fad a iontráiltear tríd an mbealach íocaíochta seo a chriptiú nuair a iontrálann an custaiméir, nó tríú páirtí atá ag déanamh na híocaíochta, iad. Déantar cumarsáid chuig agus ó láithreán an tsoláthraí seirbhíse a chriptiú. Ní bheidh d’Údarás Áitiúil faoi dhliteanas maidir le cliseadh ar bith ag an gcustaiméir nó ag tríú páirtí a dhéanann íocaíocht táillí sonraí a chosaint mar is ceart ó bheith feicthe ar a scáileán ag daoine eile nó má fhaigheann na daoine sin iad ar chuma eile, le linn an phróisis íocaíochta ar líne, nó i ndáil le faillí i dtaca leis an fhaisnéis chruinn a chur ar fáil le linn an phróisis íocaíochta ar líne.

Soláthraí Seirbhíse

Is féidir íocaíocht ar líne táillí a dhéanamh le cárta creidmheasa nó dochair. Bailíonn an Soláthraí Seirbhíse na híocaíochtaí sin thar ceann d’Údaráis Áitiúil. Faigheann an Soláthraí Seirbhíse an t-idirbheart agus déanann sé/sí é a bhailíochtú. Gheobhaidh an cliant a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige fógra láithreach lena dhearbhú cibé ar éirigh nó nár éirigh le bailíochtú an chárta. Déanfar na cistí a aistriú ó do chuntas laistigh de 48 uair.

Beartas Aisíocaíochta

Ní mór díospóidí maidir le suimeanna a íocadh a dhéanamh i scríbhinn chuig d’Údarás Áitiúil. Ní dhéanfar aisíocaíochtaí, más infheidhme, ach ar an gcárta dochair/creidmheasa a úsáideadh le haghaidh an idirbhirt bhunaidh.

Beartas um Chealú

Ní féidir íocaíocht athfhillteach a chur ar ceal ach trí chomhaontú le d’Údarás Áitiúil nuair a chomhaontófar modh íocaíochta eile. Chun íocaíocht athfhillteach a chur ar ceal, déan teagmháil, le do thoil, le d’Údarás Áitiúil.